Gaelscoil Eois


Go to content

Fúinne

Ár Scoil

Eolas Úsáideach


Is scoil í Gaelscoil Eois atá faoi phátrúnacht , An Foras Pátrúnachta agus a bhfuil eiteos Caitliceach aici. Fáiltítear roimh pháistí/thuismitheoirí as gach sainchreideamh agus neamhchreideamh.


Clárú

Bíonn Lá Oscailte ag Gaelscoil Eois agus Páistí Eois le linn an Earraigh, áit a gcuirtear eolas ar fáil faoin scoil, naíonra agus club iarscoile. Tá fáilte roimh thuismitheoirí agus chaomhnóirí breis eolais a fháil faoin scoil. Tá foirm chlárúcháin ar fáil ón scoil nó anseo ar an suíomh idirlín. Ta teastas breithe agus uimhir P.P.S. ag teastáil don chlárúchán.


Bus Scoile

Déanann Bus Éireann freastal reatha ar Ghaelscoil Eois le dhá sheirbhís bus. Déanann na busanna freastail ar na ceantair a leanas: Muinchille, Buíochar,
An Dromainn, Lios Darach, An tIúr, Achadh na hAbhla, agus Cluain Eois.


Naíonra Eois

Tá Naíonra agus Seirbhís Iarscoile ar fáil ar láthair na scoile. Is féidir le tuismitheoirí/páistí úsáid a bhaint as na seirbhísí iarscoile. Tá sé seo tairbheach ach go háirithe do na naíonáin (2.00pm-3.00pm) sa mhéid is gur féidir leo úsáid a bhaint as na seirbhísí bus ar 3.00pm. Tá an tseirbhís iar-scoile ar fáil ar bhonn laethúil /rialta / ócáidiúil.Tá an Club Iarscoile ar fáil go dtí 5.30pm. Cuirtear bia ar fáil mar aon le réimse leathan gníomhaíochtaí, le ham don obair bhaile agus don súgradh.

An Ghaeilge

Cairde Eois: Is coiste de chuid Ghlór na nGael agus Chomhaltas Uladh/Conradh na Gaeilge é Cairde Eois a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a spreagadh i measc tuismitheoirí /caomhnóirí Ghaelscoil Eois, Pháistí Eois agus sa phobal máguaird. Eagraítear cúrsaí Gaeilge do thuismitheoirí agus dhaoine fásta sa phobal i measc imeachtaí Gaeilge eile.


Coiste na dTuismitheoirí

Tá coiste gníomhach tuismitheoirí ag Gaelscoil Eois a thugann an-tacaíocht don scoil. Deis iontach do thuismitheoirí a bheith páirteach sa scoil agus aithne a chur ar thuismitheoirí eile.


Campa Samhraidh

Eagraíonn Páistí Eois Campaí Samhraidh Gaeilge do pháistí bunscoile/meánscoile le linn mhí Iúil. Bíonn go leor gníomhaíochtaí spraoiúla ar siúl trí mheán na Gaeilge, le linn na seachtaine. Deis iontacht atá ann do pháistí Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh. Tá fáilte roimh pháistí as gach ceantar. Tuilleadh eolais ó Pháistí Eois.



Back to content | Back to main menu